Is eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta é an tAontas Eorpach (AE). Tá seacht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Tá daonra de thuairim is 447 milliún aige. Is é Aontaithe san éagsúlacht a mhana. Is é an euro (€) an t-airgeadra i bhformhór na dtíortha san Aontas Eorpach. Déantar 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud an Aontais mar Lá na hEorpa. Bunaíodh an tAontas Eorpach sa bhliain 1993 nuair a síníodh Conradh Maastricht. Ina dhiaidh sin, ba mhinic a n-úsáideadh an frása "an tAontas Eorpach" agus tagairt á dhéanamh don Aontas Eorpach agus don Chomhphobal Eorpach in éineacht. Is le Conradh Maastricht a athraíodh ainm an Chomhphobail ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa go dtí an Comhphobal Eorpach. Tháinig deireadh leis an idirdhealú seo nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm sa bhliain 2009.
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search