An Fhraincis

Infotaula de llenguaAn Fhraincis
français agus langue française

Cineálteanga bheo, teanga nádúrtha agus teanga
Úsáid
Cainteoirí dúchais77,200,000 (2019)
Dúchasach doAn Bhruiséil, Brabant Vallúnach, Hainaut, Cúige Liege, Namur, cantún Fribourg, cantún Jura, cantún Neuchâtel, cantún Vaud, an Fhrainc, Lucsamburg, Monacó agus Brabant Fhlóndras
Stáitan Fhrainc, an Eilvéis, Ceanada, Beinin, Buircíne Fasó, Poblacht an Chongó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Cósta Eabhair, an Ghabúin, an Ghuine, Mailí, Monacó, an Nígir, an tSeineagáil, Tóga, an Bhurúin, Camarún, Poblacht na hAfraice Láir, Oileáin Chomóra, Djibouti, an Ghuine Mheánchriosach, Háítí, Lucsamburg, Madagascar, Ruanda, Na Séiséil, Sead, Vanuatú, an Ailgéir, Andóra, an Chambóid, Geansaí, an India, an Iodáil, Geirsí, an Liobáin, an Mháratáin, Oileán Mhuirís, Maracó, Vítneam, an Bheilg, Overseas France (en) Aistrigh, an Túinéis, Laos agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
Gallo-Romance (en) Aistrigh
Gallo-Rhaetian (en) Aistrigh
teangacha Oïl
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheAcadémie française, Academie Royale de Langue et de littérature Françaises (en) Aistrigh agus Office québécois de la langue française (en) Aistrigh
Staidéar agFrench studies (en) Aistrigh, Romance studies (en) Aistrigh agus French language studies (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Stairhistory of French (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1fr
ISO 639-2fre
ISO 639-3fra
Glottologstan1290
Linguasphere51-AAA-i
Ethnologuefra
ASCL2101
IETFfr

Is teanga Rómánsach í an Fhraincis (français, fuaimniú [fʁɑ̃sɛ]) a áirítear ar theangacha móra an domhain. Tá sí ó dhúchas ag 76 milliún duine,[1] chomh maith le tuairim is 280 milliún duine a d'fhoghlaim ar scoil í. Tá pobal suaithinseach Frainciseoirí le fáil i gceithre thír is caoga ar fud an domhain, ach is í an Fhrainc an tír is líonmhaire cainteoirí dúchais, agus is ansin a tháinig an teanga ar an bhfód i dtús báire. Thairis sin, tá go leor cainteoirí i Québec i gCeanada, sa Bheilg, agus san Eilvéis.

As an Laidin a d'eascair an Fhraincis, ar nós na Portaingéisise, na Spáinnise, na hIodáilise, na Catalóinise, na Rómáinise agus na dteangacha Rómánsacha eile. Deirtear gurbh fhéidir gur tháinig Laidin chomónta na Gaille faoi anáil na Gaillise, rud a d’fhágfadh lorg ar an bhFraincis féin. Tháinig a lán focal nua isteach san Fhraincis ón teanga Gearmáinice a bhí á labhairt ag na Frainc, dream a rinne ionradh ar an tír nuair a mheath cumhacht na hImpireachta Rómhánaí.[2]

Teanga oifigiúil í an Fhraincis in aon tír déag is fiche, agus iad ina mballstáit de chomhphobal na náisiún Fraincise, La Francophonie. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis sna Náisiúin Aontaithe agus ina lán eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Tá an Fhraincis á saothrú mar mheán scríbhneoireachta ag a lán scríbhneoirí agus fealsúna sa Fhrainc féin agus i dtíortha eile, agus ní háibhéil a rá go bhfuil sí ar ceann de na teangacha is tábhachtaí ó thaobh na litríochta de. Bhí Jean Racine ar dhuine de dhrámadóirí móra an domhain sa tseachtú haois déag. Bhí Voltaire ar an gcéad fhealsamh mór de chuid na hEagnaíochta, agus chuidigh áitiú a leithéidí le réabhlóidí mhóra an 18ú haois - réabhlóid Mheiriceá agus réabhlóid na Fraince - a chur ar siúl. Duine de mhórfhealsúna na fichiú haoise ba ea Jean-Paul Sartre, fear a d'fhorbair fealsúnacht an eiseachais. Bhí an-tionchar ag Charles Baudelaire, Arthur Rimbaud agus Mallarmé i gcúrsaí filíochta sa 19ú haois, gan trácht ar phrós-scríbhneoirí móra na linne. Scríbhneoirí suntasacha iad an Francach Michel Déon agus an Ceanadach Jacques Godbout inniu.

  1. [1] Ethnologue
  2. Sampla de seo san Fhraincis (agus i dteangacha Rómánsacha eile) is ea na ceithre hairde: nord, sud, est agus ouest.

© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search