Corcaigh

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCorcaigh
Cork (en)
Corcaigh (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°54′00″N 8°28′23″W / 51.9°N 8.4731°W / 51.9; -8.4731
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán222,333 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús5,960.67 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla37.3 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhNaomh Fionnbharra Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Lord Mayor of Cork (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Cathrach Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistT12, T21 and T23 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód021 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1385574
Suíomh gréasáincorkcity.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Corcaigh[1] (Béarla: Cork) an dara cathair is mó i bPoblacht na hÉireann agus an tríú ceann is mó ar oileán na hÉireann. Is í príomhchathair Chontae Chorcaí agus Chúige Mumhan í freisin. Tá an chathair suite cois Chuan Chorcaí agus Abhainn na Laoi in iardheisceart na hÉireann, ag 51°54’ ó thuaidh agus 8°28’ thiar. Is í an Laoi príomhabhainn an cheantair, agus í ag rith trí Chathair Chorcaí. Tá lár na cathrach bunaithe ar oileán idir dhá chraobh na Laoi, sula sníonn sí isteach in inbhear Loch Machain agus ar aghaidh ansin go Cuan Chorcaí, - ceann de na cuanta nádúrtha is mó ar domhan. Is calafort tábhachtach í Corcaigh, agus go leor céanna agus dúganna suite in oirthear na cathrach. Tá 163,000 duine ina gcónaí i gCorcaigh (199,000 go léir sa chathair agus sna bruachbhailte). Tá 399,802 duine ina gcónaí taobh amuigh den chathair i gContae Chorcaí (de réir dhaonáireamh na bliana 2011).

Tagann an t-ainm "Corcaigh" féin ón nGaeilge, nó is seantéarma Gaeilge é corcach a chiallaíonn portach, is é sin i nGaeilge an lae inniu thabharfá 'Portach' uirthi. Focal baininscneach é corcach, agus mar a dhéantar lena lán focal den chineál seo, nuair a bhaintear úsáid as an logainm, caithfear é a chur sa tuiseal tabharthach. Is tagairt é seo don chineál talaimh atá le fáil ar bhruacha na Laoi. Tá clú ar chathair Chorcaí i dtaobh tuilte móra a dhéanann praiseach cheart de lár na cathrach, nuair a bhíonn taoide tuile agus báisteach throm ann. Tá cáil mhór an tírghrá ar Chontae agus Chathair Chorcaí ó thréimhse na Lochlannach anuas. Dá bharr seo, is minic a dtugtar reibiliúnaigh (Rebels) ar mhuintir Chorcaí mar leasainm. Tá sé de nós ag muintir chathair Chorcaí "an fhíor-phríomhchathair" a thabhairt ar chathair a ndúchais freisin. Gné eile den mheon seo is ea na T-léinte agus an sluán "Daonphoblacht Chorcaí" litrithe orthu. Tá a leithéid de shuíomh gréasáin ann freisin agus People's Republic of Cork mar theideal orthu

  1. Corcaigh/Cork | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.

© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search