Fungas

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFungas
Fungi Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deplant-based food (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
ForfhearannBiota
For-ríochtEukaryota
RíochtFungi Cuir in eagar ar Wikidata
R.T.Moore, 1980

Is orgánach eocarótach é an fungas a bhaineann le Ríocht na bhFungas. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar Eumycota (fíor-fhungais nó Eumycetes) orthu, agus iad difriúil leis na slam-mhúscáin (myxomycetes) agus na huisce-mhúscáin (oomycetes). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le lobhadh agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu freisin chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh. Tugtar an mhíceolaíocht ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a luaitear leis an Luibheolaíocht é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí.

Tá an iliomad saghsanna ann. Tá cuntas foirmiúil le fáil ar thimpeall 100,000 speiceas,[1] ach níl láneolas againn fós ar éagsúlacht na bhfungas.[2]

  1. Rangaítear an méid speiceas i ngach fíleam de réir an 10ú heagrán de Dictionary of the Fungi (Kirk et al., 2008): Ascomycota, 64,163 speiceas (lch 55); Basidiomycota, 31,515 (lch 78); Blastocladiomycota, 179 (lch 94); Chytridiomycota, 706 (lch 142); Glomeromycota, 169 (lch 287); Microsporidia, >1300 (lch 427); Neocallimastigomycota, 20 (lch 463).
  2. Mueller G.M., Schmit J.P. (2006). “Fungal biodiversity: what do we know? What can we predict?” Biodiversity and Conservation, imleabhar 16, lgh 1–5.

© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search