Gaeilge na hAlban

Infotaula de llenguaGaeilge na hAlban
Gàidhlig na h-Alba agus Gàidhlig
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais57,000 (2011)
Dúchasach doDún Éideann, Glaschú, Comhairle na Gàidhealtachd agus Albain
Stáitan Ríocht Aontaithe, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus an Nua-Shéalainn
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na nOileán
teangacha Gaelacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus aibítir na gcrann
Institiúid caighdeánaitheBòrd na Gàidhlig
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-1gd
ISO 639-2gla
ISO 639-3gla
Glottologscot1245
Ethnologuegla
ASCL1101
Linguist Listgla
UNESCO411
IETFgd
Endangered languages3049

Ceann de na teangacha Gaelacha í Gaeilge na hAlban[1]Gàidhlig, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Foghrúpa de chuid na dteangacha Ceilteacha is ea na teangacha Gaelacha, mar atá, Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann. Is iad na teangacha Briotánacha, mar atá, Breatnais na Breataine Bige, an Choirnis i gCorn na Breataine, agus an Bhriotáinis sa Bhriotáin, na trí theanga chomhaimseartha san fhoghrúpa seo. Taobh istigh de gach foghrúpa den bheirt, tá na teangacha sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is deacair, fiú, an gaol atá ag an dá fhoghrúpa le chéile a aithint gan tuiscint éigin a bheith agat don teangeolaíocht Cheilteach.

Is í Gaeilge na hAlban teanga na nGael in Albain, agus cé gur i nGarbhchríocha na hAlban atá a réimeas anois den chuid is mó, bhí sí i bhfad á labhairt sa chuid is mó den tír.

Tá áit ar leith aici i gcultúr na hAlban, agus aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hAlban é seo, idir Ghaeil agus Ghaill. Tá saibhreas beul-aithris sa Ghaeilge, óir ba í teanga chultúr na mbard sa Ghàidhealtachd ar feadh na gcéadta bliain. Chuaigh an teanga i léig nuair a tosaíodh ar ghéarleanúint a dhéanamh ar mhuintir na Gàidhealtachda agus ar a gcuid nósanna, go háirithe tar éis Chath Chùl Lodail agus Fhuadach na nGael.

Inniu féin, tá dímheas ag cuid de mhuintir na hAlban ar an teanga, agus iad den tuairim nach bhfuil ann ach canúint gharbh gan úsáid liteartha.[2] Teuchters a thuganns siad ar mhuintir na nGarbhchríoch, focal a bhfuil blas díspeagúil ciníochais air.

Ba chirte Gaeilge na nGarbhchríoch agus na nOileán a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban inniu, nó chuaigh an teanga in éag ar fad in Ísealchríocha na hAlban le fada an lá. Labhraítí Gaeilge na nÍsealchríoch i bhfad theas in Albain, sular thosaigh an Albainis ag fáil na láimhe in uachtar uirthi. Teanga is ea an Albainis — LallansBraid Scots — atá gaolmhar leis an mBéarla.

  1. “Gaeilge na hAlban” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-24.
  2. Ciarán Lenoach (2020-06-23). "Iontaobhas daonlathach Gàidhlig molta i staidéar nua" (as ga). 

© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search