Is polaiteoir Gearmánach í Angela Merkel a rugadh ar 17 Iúil 1954 i Hamburg ach a chaith a hóige san oirthear taobh amuigh de Bheirlín. Is í ceannaire an CDU - Christlich Demokratische Union nó Aontas Críostaí-Daonlathach - í. Is í Seansailéar na Gearmáine í, tar éis bua olltoghcháin i gcoinne Gerhard Schröder ar 18 Meán Fómhair 2005. Bhí an bua aici sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 2009 freisin agus lean sí uirthi mar sheansailéir i gcomhaontas leis an FDP faoi stiúir Guido Westerwelle an iarracht seo. Atoghadh í mar sheansailéar le tacaíocht ón SPD i mí na Nollag 2013.
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search