Ollscoil thaighde phríobháideach de chuid an Ivy League in New Haven, Connecticut, sna Stáit Aontaithe, is ea Ollscoil Yale. Bunaíodh í sa bhliain 1701. Fágann sin gurb í an tríú ollscoil is sine sna Stáit Aontaithe. Ainmníodh Ollscoil Yale i ndiaidh Elihu Yale, gobharnóir ar Chomhlacht Bhriotanach na nIdiach Thoir, mar gheall ar an chabhair airgid a thug sé don scoil. Tá 14 scoil in Yale. D'fhreastail George H. W. Bush agus George W. Bush ar Yale. Tá baint ag 52 duaiseoirí Nobel le Yale.
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search