Cetacea | |
---|---|
Deilf bholgshrónach (Tursiops truncatus) | |
Sonraí | |
Príomhfhoinse bia | zóplanctón |
Is foinse é an tacsón seo de | ola an mhíl mhóir |
Gnáthóg | limistéar uisce |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Infrea-ord | Cetacea Brisson, 1762 |
Ainmhí mara is ea an deilf.[1] Úsáidtear an focal céanna i nGaeilge na hAlban. Ní grúpa tacsanomaíochta iad na deilfeanna; is iad na míolta móra agus na muca mara na baill eile den infrea-ord Cetacea (na “céiticigh”). Is ainmhithe teofhuilteacha iad, agus análaíonn siad aer.[2]
Tá thart ar 40 speiceas beo ann, sna finte Delphinidae (deilfeanna mara), Platanistidae (deilfeanna abhann Indiacha), Iniidae (deilfeanna abhann an Domhain Úir), Pontoporiidae (deilfeanna breacsháile), agus Lipotidae (deilfeanna abhann Síneacha, a d'fhéadfadh a bheith díofa).
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search