Néarfhiseolaí a saolaíodh i Vín na hOstaire, agus a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe is ea Eric Richard Kandel (a rugadh ar 7 Samhain 1929). Sa bhliain 2000 roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Arvid Carlsson is Paul Greengard as a thaighde ar thrasduchtú comharthaí sa néarchóras chun gurbh fhéidir drugaí nua a fhorbairt amach anseo mar chóireáil ar ghalair néareolaíocha is shíciatracha. D'fhoilsigh sé a dhírbheathaisnéis In Search of Memory (Ar Lorg na Cuimhne, 2006).[1]
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search