Is é Alphabet Inc, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan. Is é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine.[1] Láimhseálann Google níos mó ná 70 faoin gcéad d’iarrataí cuardaigh ar líne ar fud an domhain, agus é á chur i gcroílár eispéireas fhormhór na n-úsáideoirí Idirlín. Tá a cheanncheathrú i Mountain View, California.[2]
Is é mana neamhoifigiúil an chomhlachta "Don't be evil".
I measc innill chuardaigh an idirlín, is é Google an fathach[3].Tá a chuid seirbhísí le fáil i 90 teanga +, an Ghaeilge ina measc (féach ar Uirlisí Teanga Google,).
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search