Manawydan

Infotaula de personaManawydan

Cuir in eagar ar Wikidata
CeiliúradhMiotaseolaíocht na mBreatnach
Teaghlach
SiblínDôn

Is pearsa é Manawydan fab Llŷr i miotaseolaíocht na Breataine Bige, mac Llŷr agus deartháir Bendigeidfran (Gaeilge: Brân Beannaithe) agus Brânwen. Tá an chéad mhír ina ainm gaolmhar le fréamh ainm dhia mara na hÉireann Manannán mac Lir, agus is dócha gur tháinig sé ón ndiacht Cheilteach chéanna le Manannán. Murab ionann agus Manannán, áfach, ní nascann aon ábhar a mhaireann é leis an bhfarraige ar bhealach ar bith, ach amháin lena ainm athartha (is seanfhocal Breatnaise é llŷr a chiallaíonn 'farraige' ). Is sa Dara agus sa Tríú Brainse de na Mabinogi (a bhfuil an dara ceann díobh ainmnithe dó) le fáil ar an gcuma is tábhachtaí atá ag Manawydan, ach déantar tagairt dó go minic freisin i bhfilíocht na meánaoise agus i Trioedd Ynys Prydein (Gaeilge: Tréanna Inis na Breataine)


© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search